Glac Sos! Sraith nua do Léitheoirí óga
A new series in Irish for young readers. Sos consists of beautifully illustrated stories that have been written and translated by teachers. A fun way to teach Irish in the classroom, and for parents to read with their children in the home.
Tá billeoga saothair faoi na leabhair sin ar fáil freisin.
Is fuath le Danny de Brún a chuid fiacla a ghlanadh. Cad a dhéanfaidh Danny, mar sin, nuair a thugann Mamó scuab fiacal nua, bhuí dó?
Is cairde maithe iad Ruairí agus Murchú. Ach lá amháin ní raibh Ruairí ábalta Murchú a fháil in áit ar bith...
Is breá le Mailí cait.
Tá pictiúr de chait ar gach balla ina seomra codlata aici.
Ach, faraor, ní féidir léi a cat féin a fháil.
Sos 14
Is breá le Conor a chulaith Buachalla Bó. 'Yee Haw!' a deir sé. 'Lámha in airde!' Ach an mbeidh sé ábalta í a chaitheamh ar scoil?
Sos 13
Ba bhreá le Jenny madra dá cuid féin. Ach is trioblóid an madra seo!
Sos 12
'Seanlámhainní glasa! Domsa?' Tá an-díomá ar Deirdre. Ach taithníonn siad go mór le Fionnán. Agus - cogar - tá rún ag baint leis na lámhainní céanna!
Sos 11
Bá bhreá le Finn a bheith 'cúileáilte' -- ach níl sé ar chor ar bith.
Sos 9
Bíonn an t-uan beag dubh i dtrioblóid i gcónaí, go speisialta le Póló, an madra caorach.
Sos 10
Is fuath le Thomáis bróga a chaitheamh. Is maith leis a bharraicíní beaga. Is breá leis siúl ar an bhféar agus ar na duilleoga. Ach, cad faoin sneachta?
Sos 7
Is moncaí dána é Colm. Féach cad a tharlaíonn do Cholm agus dá chairde!
Sos 8
Ba mhaith le Deirdre bheith ina bhanríon sa dráma ar scoil. Is iontach an choróin atá aici. Ach tá an choróin imithe ar maidin. Cad a dhéanfaidh Deirdre?
Sos 1
Is breá le Sinéad an damhsa. Ach cén saghas damhsa? Damhsa Gaelach? Bailé? Ní hea! Tá Sinéad difriúil -- tá a stíl féin ag an gcailín seo.
Sos 2
'Ná bain don cáca sin!' arsa Mam le Cáitín. Ach bhí sé go hálainn! Bhlais Cáitín píosa beag den reoán: go dtí nach raibh fágtha ach cáca lom.
Sos 3
Is breá le Niall agus Conall cleasanna a imirt -- go háirithe ar Mhamaí! Ach céard a tharlaíonn nuair a thugann Daifní Dineasár cuairt orthu?
Sos 4
Is breá le Sailí spotaí. Spotaí ar a cuid eadaigh, spotaí ar a breagáin, spotaí ar gach rud! Ni bheidh Sailí tuirseach de na spotaí sin go deo -- nó an mbeidh?
Sos 5
Cá bhfuil fiacla Mhamó? Tá siad i mála scoile ag Danny! Agus tá siad ar scoil leis, freisin. Tá Danny i dtrioblóid arís.
Sos 6